Fiúntas Feamainne Seaweed Products
Tá táirgí feamainne an-mhaith don tsláinte agus na cothaithigh uilig atá riachtanach don chorp go fairsing iontu. Íosann daoine iad úr as an bhfarraige ach is féidir iad a chur in arán, milseoga, anraith srl. Tá an charraigín thar cionn le fáil réidh le casacht mar shampla. Bíonn an-tóir freisin ar fholcadáin feamainne mar go bhfuil an fheamainn iontach do leithéidí an airtrítis, don chraiceann, le fáil réidh le strus srl. agus tá meascán speisialta feamainne againn dó seo. Tá na táirgí feamainne seo, atá lámhbhainte i bhfarraige glan Inis Oírr, á ndíol againne inár n-ionad thuas staighre. Tar isteach agus bain triail astu!

Call into our upstairs outlet where you will be able to buy our hand harvested island seaweed products such as carrageen, dulse and bathing seaweeds.